Skip Navigation (press ALT and I together and then press enter) Skip Navigation, or press ALT and K together and then press enter
Ireland's National Development Plan (NDP), 2000-2006. Your Plan - Your Future.
article
Measúnú

Tá measúnú riachtanach faoi Rialacháin an AE faoina riartar na Cistí Struchtúracha. Is codanna cómhaoinithe den Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) na Cistí seo, trí mheán na Frámaíochta um Thacaíocht Chomhphobail (FTC). Toisc gur mian le Rialtas na hÉireann an toradh is fearr is féidir a fháil ar na hacmhainní a dháiltear ar an bPlean, cuirtear na socruithe measúnaithe i bhfeidhm i leith an chaiteachais go léir faoin bPlean, de neamhaird ar an bhfoinse maoinithe. Thóg Éire a socrú measúnaithe um an PFN ar an bhfrámaíocht measúnaithe atá i Rialachán Chomhairle an AE Uimh. 1260/99.

Aonad Measúnaithe an PFN / FTC

Is é Aonad Measúnaithe an PFN / FTC an comhlacht is barrthábhachtaí maidir le measúnú an Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) agus na Frámaíochta um Thacaíocht Chomhphobail (FTC) d’Éirinn 2000 – 2006. Aonad neamhspleách is ea an tAonad, faoi scáth na Roinne Airgeadais. Tugann an tAonad faoi mheasúnuithe Chláir Feidhme an PFN / FTCa dhéanamh, nó coimisiúnaíonn sé iad. Lena chois, tugann an tAonad comhairle agus tacaíocht don Choimisiún Eorpach, do Ranna Rialtais, do thionóil réigiúnacha agus do chomhlachtaí eile maidir le ceisteanna monatóireachta agus measúnaithe cláir i gcoitinne. Páirt-mhaoinítear an tAonad ag Cistí Struchtúracha an Aontais Eorpaigh.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, teagmhaigh le do thoil le:
Aonad Measúnaithe an PFN / FTC
Foirgnimh Frederick
Sráid Fhreidric Theas
Baile Átha Cliath 2
Éire.
Teil: +353 1 604 5333
Facs: +353 1 604 5334
r-phost: evaluation@csfunits.gov.ie

Gnáthamh Measúnaithe

Measúnaítear an PFN ar bhonn cur chuige a forbraíodh faoin bhFrámaíocht um Thacaíocht Chomhphobail 1994-1999. Sa chur chuige seo tá cúig bhuncheist mheasúnaithe, mar a leanas:

  • Ceisteanna maidir le réasúnaíocht nó dleathaíocht na gclár faoin PFN.
  • Ceist um éifeacht na gclár (i.e. an sásaíonn na cláir na spriocanna feidhmíochta airgeadais agus nithiúla a leagadh síos dóibh?)
  • Ceisteanna maidir le hábharthacht na gclár (i.e. cad iad na himpleachtaí do na cláir de bharr athruithe sa timpeallacht shochaigheilleagrach?)
  • An bhfuil na cláir éifeachtúil (arbh fhéidir níos mó a bhaint amach leis na hacmhainní a infheistíodh iontu?)
  • Cén tionchar a bhí ag na cláir (i.e. cén difríocht atá déanta acu i dtéarmaí fhorbairt shochaigheilleagrach?)

Cathain a Dhéantar Measúnú?

I gcomhréir le forálacha Rialacháin an AE, caithfear an PFN / FTC a mheasúnú ar bhonn ex-ante leantach (agus meántéarma san áireamh) agus ex-post.

  • Measúnú ex-ante: Déantar é seo sula gcomhaontaítear cláir. Bíonn an príomhfhócas ar cheist réasúnaíocht an chláir. Bhí dhá chuid i bpróiseas measúnaithe ex-ante an PFN / FTC 2000-2006. Sa chéad áit, coimisiúnaíodh an Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta (ESRI) chun anailís neamhspleách a ullmhú ar riachtanais infheistíochta gheilleagar na hÉireann don tréimhse 2000-2006. Foilsíodh an Tuarascáil, National Investment Priorities for the Period 2000-2006, mí Mhárta 1999 agus bhí a rian aici sin ar ullmhú an Phlean. Níos déanaí, rinne Aonad Measúnaithe na FTC (Aonad Measúnaithe an PFN / FTC mar atá air anois) measúnú foirmiúil ex ante mí na Samhna 1999, ar a tugadh an National Development Plan 2000-2006. Cuireadh é seo faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh mar aon leis an PFN.

Íoslódáil Ex-Ante Evaluation of the National Development Plan 2000-2006, doiciméad Word (420KB)

  • Measúnú leantach (agus meántéarma san áireamh). Faoi rialacháin an AE tá sé riachtanach measúnú meántéarma a dhéanamh ar gach Chlár Feidhme, agus ar an PFN /FTC freisin. B’é príomhchuspóir na measúnuithe seo, ar ghné iad den phróiseas measúnaithe meántéarma, ná a mheas an raibh gá leis na cláir a athrú ag an bpointe leath bhealaigh sin, i bhfianaise an dul chun cinn a bhí déanta go dtí sin agus na n-athruithe i gcúrsaí sochaigheilleagracha. Coimisiúnaíodh na measúnuithe seo ó shainchomhairleoirí seachtracha. Chun féachaint ar na tuarascálacha seo gabh go dtí ár rannóg, ‘Tuarascálacha Measúnaithe’ 2000-2006.
  • Le chois na dtuarascálacha meántéarma, déantar measúnuithe eile ar ábhair nó ar théamaí eile faoi na cláir feidhme éagsúla. Déanann Aonad Measúnaithe an PFN / FTC na tuarascálacha seo a choimisiúnú nó scríobhann an tAonad féin iad faoi chlár comhaontaithe oibre. Is féidir na tuarascálacha measúnaithe a ullmhaíodh faoin gclár oibre 2001 go dtí 2003 a íoslódáil thíos. (I gcásanna inar cuireadh na staidéir amach ar conradh, tugtar ainmneacha an tsainchomhairleora sheachtraigh idir lúibíní. Ullmhaíodh na tuarascálacha eile laistigh d’Aonad Measúnaithe an PFN / FTC). Chun féachaint ar na tuarascálacha seo, gabh go dtí ár rannóg, ‘Tuarascálacha Measúnaithe’ 2000-2006.
  • Measúnú ex-post. Déantar é seo tar éis tréimhse na gclár. Bíonn an príomhfhócas ar an tionchar a bhí ag na cláir. Tá sonraí thorthaí an mheasúnaithe ex-post don PFN / FFTC i leith na tréimhse 1994-1999 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Gabh go suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

Tuarascálacha Measúnaithe

Nuair a chomhlánaítear tuarascáil mheasúnaithe, cuireann Údarás Bainistíochta an chláir sin an tuarascáil i láthair choiste monatóireachta an chláir fheidhme chun í a phlé. Bíonn ar an gCoiste Monatóireachta na moltaí go léir sa mheasúnú a mheas agus seasamh a ghlacadh ina leith (ní bhíonn iallach air, ar ndóigh, glacadh leis na moltaí). Bíonn ar an Údarás Bainistíochta tuairisc a chur ar ais go dtí an gcoiste i dtaobh an dul chun cinn a dhéantar chun na moltaí a chomhaontaítear a chur i bhfeidhm.

Is féidir na foilseacháin, na tuarascálacha, na meamraim thionóil agus treorach go léir a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo. Chun féachaint ar na doiciméid, gabh go dtí ár rannóg Foilseacháin an Aonaid Mheasúnaithe PFN / FTC.






[Permanent Link]

  View NDP Projects by county
Search    Go  
NDP/CSF Information Office,
15 Lower Hatch Street,
Dublin 2,
Ireland.
Tel: +353 (0) 1 639 6280
Fax: +353 (0) 1 639 628
Email: csfinfo@csfunits.irlgov.ie