Skip Navigation, or press ALT and K together and then press enterWelcome to the NDP website. This site has been developed for both the visually impaired and non visually impaired. If you would like to use the visually impaired version of this site please go to ndp.ie/viewtext.asp, or press ALT and I together and then press enter
Ireland's National Development Plan (NDP), 2007-2013 - Transforming Ireland.
Search     
Print | Text Size A  A  A
NDP / EUSF Logo Your Plan - Your Future
Baile /NDP Homepage article

Fáilte romhat go dtí an suíomh gréasáin le haghaidh Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) na hÉireann agus na Frámaíochta um Thacaíocht Chomhphobail (FTC) in Éirinn.

Is ar bhonn na n-éachtanna suntasacha sóisialta agus eacnamaíochta a baineadh amach sa PFN/FTC (2000-2006) atá an Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 ar luach €184 billiún á thógáil. Seoladh é mí Eanáir 2007 faoin teideal Athrú Mór ar Éirinn – Caighdeán Beatha Níos Fearr do Chách. Is mórchéim eile ar aghaidh é an plean nua seacht mbliana seo chun Éire faoi rath a chruthú dá muintir go léir, ina mbeidh forás inbhuanaithe eacnamaíochta, níos mó cuimsithe shóisialta agus forbairt réigiúnach i gcothromaíocht.

Sa Phlean seo tá an clár infheistíochta is mó agus is ardaidhmeannaí a ceapadh riamh d’Éirinn. Tógtar é ar éachtanna an Phlean roimhe go daingníonn sé iad. Cuireann sé ar fáil €54.6 billiún don infheistíocht sa bhonneagar eacnamaíochta; €49.6 billiún do bhearta an chuimsithe shóisialta (leanaí, daoine faoi mhíchumas, etc.); €33.6 billiún don bhonneagar sóisialta (tithíocht, sláinte, dlí agus ceart, etc.); €25.8 billiún don chaipiteal daonna (scoileanna, oiliúint, ardoideachas, etc.); agus €20 billiún don fhiontraíocht, eolaíocht agus nuáil.

San PFN/FTC (2000-2006) bhí infheistíocht de  €57 billiún i gceist as cistí Poiblí, Príobháideacha agus AE i dtaca le tionscadail agus tionscnaimh iomadúla ar fud na tíre, ar a raibh oideachas, bóithre, iompar poiblí, seirbhísí sláinte, tithíocht shóisialta, forbairt tuaithe, an tionscal, seirbhísí uisce agus dramhaíola, cúram leanaí agus forbairt áitiúil.

Latest News - 29 July 2010
   

 
Highlighted Documents - 29 July 2010
   

[Permanent Link]

 
The Source Library & Arts Centre - Thurles (GA)
The Source Library & Arts Centre - Thurles (GA)


Waterford City Bypass - Suir Bridge
Waterford City Bypass - Suir Bridge


Accessible Public Transport (GA)
Accessible Public Transport (GA)



 

 

 

 

 

 





Design and Development by Fusio