Skip Navigation, or press ALT and K together and then press enterWelcome to the NDP website. This site has been developed for both the visually impaired and non visually impaired. If you would like to use the visually impaired version of this site please go to ndp.ie/viewtext.asp, or press ALT and I together and then press enter
Ireland's National Development Plan (NDP), 2007-2013 - Transforming Ireland.
Search     
Print | Text Size A  A  A
NDP / EUSF Logo Your Plan - Your Future
Home /Operational Programmes/ Cláir Fheidhme Réigiúnacha article

Cláir Fheidhme Réigiúnacha

Díreoidh na Cláir Fheidhme Réigiúnacha go príomha ar fhorbairt na timpeallachta áitiúla, ar fhiontraíocht áitiúil agus ar chur chun cinn an chuimsithe shóisialta .

Bainfidh Réigiún D&O agus Réigiún TLTI tairbhe as an infheistíocht shubstaintiúil faoi na Cláir Fheidhme Idir-réigiúnacha. Déanfaidh sé seo comhlánú ar an infheistíocht sna Cláir Idir-réigiúnacha agus cuirfidh sé forbairt réigiúnach níos cothroime chun cinn.

Is mar seo a leanas atá an soláthar foriomlán le haghaidh gach Cláir Fheidhme Réigiúnaigh:

Clár Feidhme
Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre & Iarthair
 
Clár Feidhme
Réigiúnach an Deiscirt & Oirthir
Fostruchtúr Áitiúil
Forbairt Fiontraíochta Áitiúla
Talmhaíocht & Forbraíocht Thuaithe
Cuimsiú Sóisialta & Cúram Leanaí


Cuimseoidh an infheistíocht fhostruchtúrach réigiúnach:

  • Bóithre Neamh-Náisiúnta
  • Uisce Tuaithe
  • Ionramháil Dramhaíola
  • Athnuachan Uirbeach agus Athnuachan Sráidbhailte
  • Cumarsáid
  • Calafoirt agus Aerfoirt Réigiúnacha
  • Cultúr, Spórt agus Áineas

San earnáil tháirgiúil beidh infheistíocht sna nithe seo a leanas:

  • Micrifhiontair
  • Tuarasóireacht
  • Iascaigh
  • Foraoiseacht

Clúdóidh na bearta um Chuimsiú Sóisialta:

  • Cúram Leanaí
  • Comhionannas
  • Forbairt Phobail/Tacaíocht do Theaghlaigh
  • Bearta in éadan baint le coiriúlacht agus le mí-úsáid drugaí
  • Seirbhísí don Aos Óg
  • Seirbhísí do Dhaoine Dífhostaithe

Is ionann an soláthar le haghaidh cúraim leanaí agus mórfhiontar nua sa réimse seo. Díreoidh sé ar:

  • líon agus caighdeán na n-áiseanna cúraim leanaí a mhéadu
  • fostruchtúr um chúram leanaí a chur ar fáil i bpobail faoi mhíbhuntáiste
  • fostruchtúr um chúram leanaí a chur ar fáil i bpobail faoi mhíbhuntáiste
  • soláthraithe príobháideacha a spreagadh

Cuirfear clár ar leith i bhfeidhm faoi na Cláir Fheidhme Réigiúnacha le haghaidh bearta tionlacain forbraíochta tuaithe a ghabhann leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP). Déanfar soláthar de EUR 4.3 billiún le haghaidh na nithe seo a leanas:

  • Scéim Cosanta Thimpeallacht na Tuaithe (REPS)
  • Scéim Luathphinsin
  • Liúntais Chúitimh
  • Bearta Foraoiseachta

Na Cláir Feidhme Feidhme


[Permanent Link]

 
Childcare, Scooters Crèche - Sligo
Childcare, Scooters Crèche - Sligo


Health Centre - Cavan
Health Centre - Cavan


Waste water Treatment Plant - Ringsend
Waste water Treatment Plant - Ringsend



 

 

 

 

 

 





Design and Development by Fusio