Fáilte romhat go dtí an suíomh gréasáin le haghaidh Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) na hÉireann agus na Frámaíochta um Thacaíocht Chomhphobail (FTC) in Éirinn.
Is ar bhonn na n-éachtanna suntasacha sóisialta agus eacnamaíochta a baineadh amach sa PFN/FTC (2000-2006) atá an Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 ar luach €184 billiún á thógáil. Seoladh é mí Eanáir 2007 faoin teideal Athrú Mór ar Éirinn – Caighdeán Beatha Níos Fearr do Chách. Is mórchéim eile ar aghaidh é an plean nua seacht mbliana seo chun Éire faoi rath a chruthú dá muintir go léir, ina mbeidh forás inbhuanaithe eacnamaíochta, níos mó cuimsithe shóisialta agus forbairt réigiúnach i gcothromaíocht.
Sa Phlean seo tá an clár infheistíochta is mó agus is ardaidhmeannaí a ceapadh riamh d’Éirinn. Tógtar é ar éachtanna an Phlean roimhe go daingníonn sé iad. Cuireann sé ar fáil €54.6 billiún don infheistíocht sa bhonneagar eacnamaíochta; €49.6 billiún do bhearta an chuimsithe shóisialta (leanaí, daoine faoi mhíchumas, etc.); €33.6 billiún don bhonneagar sóisialta (tithíocht, sláinte, dlí agus ceart, etc.); €25.8 billiún don chaipiteal daonna (scoileanna, oiliúint, ardoideachas, etc.); agus €20 billiún don fhiontraíocht, eolaíocht agus nuáil.
San PFN/FTC (2000-2006) bhí infheistíocht de €57 billiún i gceist as cistí Poiblí, Príobháideacha agus AE i dtaca le tionscadail agus tionscnaimh iomadúla ar fud na tíre, ar a raibh oideachas, bóithre, iompar poiblí, seirbhísí sláinte, tithíocht shóisialta, forbairt tuaithe, an tionscal, seirbhísí uisce agus dramhaíola, cúram leanaí agus forbairt áitiúil.